Plás Haddington, BÁC 4

Gaelscoil Eoin

Fón: 085 132 1203

Uimhir Rolla: 20539M

Teagmháil / Contact

Plás Haddington

Baile Átha Cliath 4

D04 CP27

Oifig: 8:30 - 1:10 i.n.

Naíonáin: 8:30 - 1:10 i.n.

Rang 1-6: 8:30 - 2:10 i.n.

Clárú / Registration

Iarratais i gcomhair ligean isteach / Applications for Admission

Banner 1

Fáilte an Phríomhoide / Principal's Welcome

Fáilte go Gaelscoil Eoin!

Ar son Ghaelscoil Eoin, ba mhaith liom fearadh na fáilte a chur romhat go suíomh gréasáin na scoile.  Tá súil agam go mbeidh an suíomh seo ina chabhair duit aithne a chur ar ár scoil agus a bhfuil ar bun againn inti.

Is Gaelscoil ilchreidmheach í Gaelscoil Eoin a bunaíodh i 2021 do bhuachaillí agus do chailíní, ó Naíonáin Shóisearacha go Rang 6. Thosaigh muid le seisear daltaí sna Naíonáin Shóisearacha i 2021 agus muid dul ó neart go neart. Tá lúcháir orainn rogha nua sa bhunoideachas a thabhairt don cheantar agus tá an-bhród orainn gurb í Gaelscoil Eoin an t-aon Ghaelscoil i mBaile Átha Cliath 2 agus 4. Táimid  lonnaithe inár bhfoirgneamh álainn stairiúil féin i nDroichead na Dothra,  foirgneamh a bheas ag fás linn sna blianta amach romhainn.

Is é an cuspóir atá againn ná oideachas den scoth a chur ar fáil do gach páiste trí mheán na Gaeilge i dtimpeallacht chairdiúil, áit a mbíonn na daltaí sábháilte agus sona i gcónaí.

Is seoid luachmhar í an Ghaeilge agus táimid an-bhródúil aisti.  Ceiliúrann muid agus cothaíonn muid ár dteanga agus ár gcultúr. Cothaíonn muid ár bhféiniúlacht agus glacann muid le héagsúlacht ag gach leibhéal.  Is iad na páistí croí lár na scoile. Is mian linn go mbainfidh gach páiste faoinár stiúir barr a gcumais amach, agus  iad ag tógáil cairdis le linn an ama seo, a mhairfidh ar feadh an tsaoil.

Má tá tuilleadh eolais uait ná bíodh drogall ort dul i dteagmháil linn ag oifig@gaelscoileoin.ie, nó glaoigh ar 085 1321203 nó seol téacs chuig 085 1321203.

On behalf of Gaelscoil Eoin, I would like to warmly welcome you to our school website. I hope it will help you to get to know us.

Gaelscoil Eoin is a multi-denominational Gaelscoil for boys and girls, from Junior Infants to Sixth Class, that was founded in 2021. We started with six children in Junior Infants and we are going from strength to strength.  We are delighted to provide a new primary school choice for the area, and we are very proud that Gaelscoil Eoin is the only Gaelscoil in Dublin 2 and 4.  We have our own ‘forever home’ in a beautiful historical school building in Ballsbridge, a building that will grow with us over the coming years.

We aim to provide the highest standard of education, through the medium of Irish, for every child.  We want our children to learn in a friendly environment, where they feel happy and safe at all times.

We are proud of our rich heritage, of which the Irish language is the bedrock. We celebrate our language and culture. We promote our own identity and embrace diversity at all levels. Our children are at the heart of our school.  We want all the children under our care to reach their full potential, making friends and memories along the way that will last a lifetime.

If you would like more information, please don’t hesitate to contact us at oifig@gaelscoileoin.ie, or call 085 132120  or text 085 1321203.

Cristín Ní Chairealláin
Príomhoide

Tugadh deontas don scoil i 2021 chun tionscnaimh a chur i bhfeidhm a bhfuil sé mar aidhm acu dul i ngleic leis an mbearna dhigiteach agus tacú lenár bhfoghlaimeoirí atá i mbaol míbhuntáiste oideachais dá bharr. Tá sé seo mar chuid de Phlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta na hÉireann (NRRP), tionscadal faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta atá maoinithe ag an Aontas Eorpach trí NextGenerationEU. Baineadh úsáid as an maoiniú seo chun ipadanna, chromebooks, trealamh STEM, seit cluasáin a cheannach do rang iomlán agus le híoc as an gcóras bainistíochta agus sábhailteachta ar na gléasanna.

This school received a grant in 2021 to implement initiatives aimed at addressing the digital divide and support our learners at risk of educational disadvantage as a consequence, as part of the Irish National Recovery and Resilience Plan (NRRP) a project under the Recovery and Resilience Facility funded by the European Union through NextGenerationEU. This funding was used to buy iPads and STEM equipment.

Ar mhaith leat do pháiste a chlárú linn?